Córas Teachtaireachta atá Simplí. Sábháilte.
Agus is féidir brath air.
Le WhatsApp, gheobhaidh tú cur teachtaireachtaí agus glaonna gasta, éasca agus slán saor in aisce*, ar ghutháin ar fud na cruinne.
Is aip, ar féidir í a íoslódáil saor in aisce, é WhatsApp Business agus is d'úinéirí gnólachtaí beaga go speisialta a rinneadh í. Cruthaigh catalóg chun do chuid táirgí agus seirbhísí a chur i láthair. Is féidir nascadh le do chustaiméirí go héasca ach feidhm a bhaint as uirlisí chun teachtaireachtaí a dhéanamh uathoibríoch, iad a shórtáil, agus chun freagra a thabhairt go tapa orthu.
Is féidir le WhatsApp cabhrú freisin le gnólachtaí meánacha agus gnólachtaí beaga tacaíocht a thabhairt agus fógraí tábhachtacha a sheoladh chuig custaiméirí. Faigh tuilleadh faisnéise faoi API WhatsApp Business.
Criptiú ó cheann go ceann
Slándáil de réir Réamhshocraithe
Roinntear cuid de na rudaí is príobháidí ar fad ó do shaol ar WhatsApp. Sin an fáth ar chuireamar criptiú ó cheann go ceann sna leaganacha is déanaí den aip. Agus an criptiú seo i bhfeidhm, is féidir leat bheith cinnte go bhfuil do chuid teachtaireachtaí agus glaonna slán sábháilte agus nach féidir le duine ar bith eile iad a léamh nó éisteacht leo. Ní féidir le WhatsApp féin é sin a dhéanamh fiú.